Inis Glas

Fáilte go hInis Glas!

Ní bréag ar bith í, tá fáilte chroíúil romhat. Tar isteach. Ná bí cúthail. Ní bhrisfidh tú tada agus thú ag fanaíocht thart. Tá an áit seo beag faoi láthair, nach bhfuil? Ach ní fhanfaidh sí mar sin i bhfad. Tháinig an suíomh seo ar an bhfód leis an mbearna a líonadh le cluichí 2d agus 3d as Gaeilge, agus gan mórán achair, beidh an áit seo lán go dtí na rachtaí le bogéarraí agus rudaí eile freisin. Tá muid ag baint taithneamh as muid féin a chur in iúl as teanga ársa ár sinsear. Tá súil againn, mar sin, go mbainfidh tú an taithneamh céanna as do thuras thart ár mbaile beag ar líne agus go bhfaighfidh tú rud éigin a thaithníonns leat i rith do chuairte.


Firefox IE Chrome Opera
Innéacs
Cláracha
Blag
Fáilte romhat go hInis Glas!